Episodi

  • Meeca na nGael: The yearly pilgrimage to Oireachtas na Samhna
    Nov 2 2026

    Ba é an t-am sin den bhliain arís agus na mílte Gaeil ar fud na tíre ag tarraingt ar Oireachtas na Samhna!

    Ó na hoileáin go dtí na cathracha, agus gach áit eatarthu, is oilithreacht bhliantúil é Oireachtas na Samhna do go leor leor daoine.

    Mar sin, agus í ar an bhfód le beagnach 130 bliain, cén fáth go bhfuil sí go fóill chomh tarraingteach do na Gaeil?

    Ar Seachtain, ag taifeadadh beo ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, bhí beirt láithreoirí raidió agus leantóirí dílse den fhéile, Hugh Mac Giolla Chearra agus Sinéad Ní Uallacháin i dteannta Áine Ní Bhreisleáin.

    Foclóir:

    Lascaine: Discount

    Fiáin: Wild

    In iomaíocht lena chéile: In competition with each other

    Brú óige: A hostel

    Ragairne: Revelling

    Díospóireacht: Debate

    Beacht: Exact

    Comhartha: A sign

    Buaicphointe: Highlight

    Fuirseoirí: Comedians

    Fáiltiú: Reception

    Barraíocht: Too much

    Na flaithis: Heaven

    Ifreann: Hell

    Carbhat: A tie

    Gormacha iar-Oireachtais: The post Oireachtas blues

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mostra di più Mostra meno
    25 min
  • 30 bliana de TG4: 5 iconic things a thug TG4 dúinn
    Oct 29 2026

    Is breá leis na Gaeil TG4. Ó bunaíodh an cainéal ar Oíche Shamhna 1996, tá áit lárnach bainte amach aige i saol na Éireann.


    Lena gcláracha faisnéise, na drámaí ceannródaíocha, agus dár ndóigh an t-aicsean spóirt ar fad, tugadh go leor cuimhní speisialta dúinn thar na blianta.


    Mar sin de, agus an craoltóir ag ceiliúradh 30 bliana ar an fhód, tá muid chun dul siar ar bhoithrín na smaointe.


    Ar Seachtain cuireann Katie Whelan cuid de na cuimhní is íocónaí a thit amach ar TG4 le tríocha bliana anuas i gcuimhne dúinn.



    Foclóir:


    Achainí: Petition


    Bóthar achrannach: A difficult road


    Ceann scríbe: Destination


    Cainéal Breatnaise: Welsh channel


    Lóchrann dóchais: Beacon of hope


    Ina chíor thuathail: In a state of commotion or chaos


    Ag teacht in inmhe: Coming of age


    An saol osnádúrtha: The supernatural world


    Geilleagar: Economy


    Beart de réir briathar: Practice what you preach


    Ballraíocht: Membership


    Maoiniú: Funding


    Éabhlóid: Evolution


    Mana: Motto


    Clúdach: Coverage


    Rath: Success


    Iléagsúlacht: Diversity

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mostra di più Mostra meno
    25 min
  • Samhain: On the threshold idir an saol seo agus an saol eile
    Oct 22 2026

    Is féile ársa í Samhain.


    Is é an tséasúr le moilliú agus ullmhú don gheimhreadh, ina éiríonn na hoícheanta níos faide agus na laethanta níos fuaire.



    Bhí nasc speisialta ag Éirinn leis an am seo bliana i gcónaí, lenár dtraidisiúin agus ár mbéaloideas ag croílár na féile.



    Mar sin de, cad iad na scéalta, na piseoga agus na nósanna a bhí ina mbunchlocha ag ár sinsir i dtaca le Oíche Shamhna?



    Agus an bhfuil lorg na dtraidisiún sin fós le sonrú sa chaoi a gceiliúraimid Oíche Shamhna inniu?


    Ar Seachtain labhraíonn an Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, faoin bhéaloideas saibhir a bhaineann leis an am seo bliana.



    Foclóir:


    Béaloideas: Folklore


    Nósanna: Customs


    Ársa: Ancient


    Ag seilg nó ag fiach: Hunting


    Tairseach: Threshold


    Mún: Urinate


    Lios: Fairyfort


    Tórramh: Funeral


    Díoltas: Revenge


    Pleidhcíocht: Tomfoolery


    Todhchaí: Future


    Bonn airgid: A coin


    Roghanna: Choices or selection


    Leáigh: Melt


    Cnónna: Nuts


    Áiseanna: Resources

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mostra di più Mostra meno
    23 min
  • Dublin’s new Gaeilge quarter: An fear taobh thiar den fhís
    Oct 15 2026
    Tá Baile Átha Cliath ag éirí níos Gaelaí óir tá Ceathrú Ghaeilge beartaithe dó. Beidh an Cheathrú Ghaeilge lonnaithe thart ar Shráid Fhearchair, Sráid Camden agus Sráid Synge, áit a bhfuil Gaeilgeoirí agus roinnt institiúidí agus áiseanna Gaeilge lonnaithe cheana féin. Tá sé ina sprioc ag an Cheathrú go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil, le cloisteáil agus in úsáid go nádúrtha gach lá i ngnóthaí an cheantair. Ach cén dóigh a athróidh sé an chathair? Agus cén dóigh is féidir gnólachtaí sa cheantar a mhealladh le Gaeilge a úsáid? Labhair Maitiú Ó Casaide, Stiúrthóir Cheathrú Gaeilge Bhaile Átha Cliath, ar Seachtain faoin bhfís nua Ghaelach don phríomhchathair. Foclóir: Ceathrú: Quarter Eagarthóir: Editor Fís: Vision Athfhorbairt: Redevelop Ag feidhmiú: Operating Dearfacht: Positivity Earcaigh: Recruit Athchruthú: Recerete Bóthar na bhFál: The Falls Road Feiceálach: Visible or prominent Cúthail: Shy Gadaíocht chultúrtha: Cultural theft Masla: Insult Lipéad: Label Tionscadal: Project Borradh: Surge or growth

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mostra di più Mostra meno
    22 min
  • Droim Crí agus Garbhachaidh: Cén fáth an tsáinn?
    Oct 7 2026
    Tá seachtain chorrach, ghnóthach eile i ndiaidh a bheith ann ó thuaidh. Ar Bhóthar Gharbhachaidh, ceantar náisiúnach i bPort an Dúnáin, tá slua mór léirsitheoirí ag iarraidh stop a chur le mórshiúl de chuid an Oird Oráistigh, dul tríd a gceantar. Leis an aighneas seo ag leanúint ar aghaidh le breis is seachtain anois, tá an t-iriseoir Ciarán Dunbar liom le tumadh isteach sa scéal agus sa stair. Mórshiúil: Parade Aighneas: Discord Fir bhuí: Orange men Srianta: Restrictions Iarratas: Application Cinneadh: Decision Gheall sé: He promised Cónaitheoirí: Residents Mí-ord: Disorder Círéibí: Riots Lámh in uachtar: The upper hand Cuir faoi chois: To oppress Foréigean: Violence Achrann: Acrimony Neamhaird: To pay no attention to Scoilte: Divided

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mostra di più Mostra meno
    23 min
  • An Clár: An contae a chaill a chuid Gaeilge ach a choinnigh an ceol
    Oct 1 2026
    Tá clú agus cáil ar Chontae an Chláir sa lá atá inniu ann mar gheall ar an gceol, ach ní i bhfad ó shin a bhí Gaeltacht fhairsing láidir sa chontae. Mar a bheadh foláireamh soiléir ann ó aimsir a chuaigh thart, chaill an Clár a cainteoirí dúchais lenár linn féin. Agus ansin, rinneadh dearmad gur ann di riamh. Ach tá daoine ag obair chun stair na Gaeltachta sin a chur in iúl do mhuintir an chontae agus fiú chun Coláiste Gaeilge Charraig a’ Chabhaltaigh a oscailt in athuair. Duine acu sin ná an Dr Síle Níc Ní Choincheannain. Is léachtóir san oideachas le saineolas sa Ghaeilge í i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Labhair sí le Ciarán Dunbar faoi Ghaeilge agus faoi Ghaeltacht an Chláir, agus faoi na hiarrachtaí chun Coláiste Eoghan Uí Chomhraidhe a oscailt arís.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mostra di più Mostra meno
    33 min
  • Rebuilding Oileán Ghabhla: Daoine ag filleadh tar éis 50 bliain
    Sep 24 2026
    Tréigeadh go leor oileán Éireannach thar na blianta. Oileán Ghabhla mar shampla, áit a bhfuil cáil air mar gheall ar an amhrán Báidín Fheilimí. Tá sé suite tuairim is míle amach ó chósta Dhún na nGall. Agus tráth dá raibh, bhí na scórtha teaghlach ina gcónaí ann. D'fhág siad an t-oileán sna 1960í áfach. D'fhág na pobail a bhí ag saothrú a slí beatha ón talamh agus ón fharraige agus bhog siad anonn go dtí an mhórthír. Anois, leathchéad bliain ina dhiaidh sin, tá beatha ag teacht ar ais chuig an oileán de réir mar atá daoine ag filleadh ar a chladach arís. Ar Seachtain, labhair an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoin bheocht agus faoin bhfuinneamh nua atá á chur ar ais i nGabhla. Foclóir: Bád farantóireachta: Ferry Go buan: Permanently Earraí: Goods Ag dul i léig: Declining Banaíodh an t-oileán: The island was deserted Ar leac an dorais: On the doorstep Deontas: Grant Gineadóirí: Generators Athchóirigh: Renovate Bonneagar: Infrastructure Leathanbhanda: Broadband Ag obair go cianda: Working remotely Uathúil: Unique Sainiúil: Distinctive Teas: Heat Ar cíos: Rent Iargúltacht: Remoteness

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mostra di più Mostra meno
    23 min
  • Why I moved to a remote island – and loved it
    Sep 17 2026
    Is brionglóid í atá ag cuid mhaith againn, éalú ó ghnóthacht agus ó ghleo shaol na cathrach, ar thóir saol níos simplí san iargúltacht. Ach, an é nóisean rómánsúil seafóideach é sin atá againn? Nó an é an bliss atá muid ag brionglóidí faoi le fada? Cúig bliana ó shin, bhog Aedín Ní Thiarnaigh, a bhí cúig bliana is fiche d’aois ag an am, óna baile dúchais i gContae Loch Garman go hInis Meáin amuigh ar chósta thiar na hÉireann, áit a bhfuil sí ina cónaí ó shin i leith. Cad é a mheall bean óg chuig oileán Gaeltachta iargúlta i lár na farraige? Agus cad é mar atá an saol laethúil di agus í scartha ón mhórthír. Ar Seachtain, labhraíonn Aedín faoi bhuaicphointí agus faoi íslephointí shaol an saol oileánach, agus í ag ceiliúradh a clochmhíle pearsanta. Foclóir: Taighde: Research Ina cíor thuathail: In chaos or turned upside down Tiarna Talún: Landlord Crosbhealach: Crossroad An mhórthír: The mainland Ligthe i ndearmad: Forgotten An t-éileamh: The demand Spleách: Dependent on Scaití: Occasionally Réiteach: Solution An córas lastais: The cargo system Bád farantóireachta: The ferry Na duganna: The docks Aistriúcháin: Translations Turais teoraithe: Guided tours Amhrasach: Suspicious Iargúlta: Remote Oidhreacht: Heritage Cneasaigh: Heal Tuar: Foresee or forecast

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mostra di più Mostra meno
    24 min